Oideachas
Cuireann Sláinte Leanaí Éireann oideachas ar altraí leanaí ag leibhéal fochéime agus iarchéime araon.
Oideachas altraí
Cuirimid deiseanna oiliúna agus forbartha leanúnacha ar fáil dár n-altraí uile. Mar sin is féidir linn a chinntiú go bhfuilimid ag soláthar cúram den chaighdeán is airde dár n-othair.
Comhpháirtithe acadúla
Éascaíonn Sláinte Leanaí Éireann foghlaim agus oideachas ag trí cinn dár suíomhanna lena n-áirítear CHI i gCromghlinn, Sráid an Teampaill, agus Tamhlacht. Léigh tuilleadh anseo faoinár gcomhpháirtithe acadúla i leigheas péidiatraiceach.
Seirbhísí leabharlainne agus faisnéise
Tacaíonn na Seirbhísí Leabharlainne agus Faisnéise le cleachtas cliniciúil, taighde, agus oideachas/forbairt ghairmiúil leanúnach ag Sláinte Leanaí Éireann. Tá sé mar aidhm againn na hacmhainní faisnéise a theastaíonn uathu, agus na scileanna chun rochtain éasca a fháil ar na hacmhainní sin, a sholáthar don fhoireann go tráthúil.
Oiliúint athbheochana
Cuireann an Roinn Oiliúna Athbheochana oiliúint tacaíochta beatha bhunúsach agus ardleibhéil agus oideachas athbheochana ar fáil do bhaill foirne in Ospidéal Ollscoile na Leanaí, Sráid an Teampaill.