Skip to main content

Taighde & Nuálaíocht

Agus an t-aistriú chuig ár n-ospidéal nua á phleanáil againn, táimid dírithe ar a chinntiú, ní hamháin gur foirgneamh iontach a bheidh ann, ach gur ospidéal iontach do leanaí é. Chun seo a dhéanamh beidh orainn a chinntiú go ndéanaimid ár ndícheall i gcónaí feabhas a chur ar a ndéanaimid gach lá. Ceann de na bealaí inar féidir linn é seo a dhéanamh ná trí Thaighde agus Nuálaíocht. Tá sármhaitheas i dtaighde agus nuálaíocht ar cheann de phríomhchuspóirí straitéiseacha CHI. Baineann ospidéil a bhfuil baint acu le taighde agus nuálaíocht amach torthaí othar níos fearr, agus bíonn sé níos éasca orthu na baill foirne is cumasaí a earcú agus a choinneáil chun cúram den chaighdeán is airde a sholáthar do leanaí. Tá an leathanach Gréasáin Taighde agus Nuálaíochta agus an t-ábhar á fhorbairt - bígí linn agus muid á nuashonrú.