Faisnéis faoi threoirlínte cliniciúla
Forbraítear Treoirlínte Cliniciúla chun an cúram cliniciúil a sholáthar dár n-othair a bharrfheabhsú.
Conas a chruthaítear Treoirlínte Cliniciúla
Forbraítear Treoirlínte Cliniciúla trí chonair chaighdeánaithe chun a chinntiú go ngabhfar an fhianaise is fearr atá ar fáil agus saineolas na speisialtóirí sláinte leanaí is ábhartha laistigh de Shláinte Leanaí Éireann (CHI).
Tá siad ceaptha chun an léitheoir a chur ar an eolas go tapa faoin bhfadhb chliniciúil agus comhairle phraiticiúil a sholáthar maidir le measúnú agus bainistíocht. Ní léiríonn na moltaí atá sna treoirlínte seo cúrsa gníomhaíochta eisiach, ná ní fheidhmíonn siad mar chaighdeán cúraim leighis. D’fhéadfadh athruithe a bheith oiriúnach, ag cur cúinsí aonair san áireamh.
Séanadh
Cuireann Sláinte Leanaí Éireann (CHI) na treoirlínte cliniciúla seo ar fáil chun críocha faisnéise amháin agus le húsáid ag gairmithe cáilithe cúram sláinte amháin mar uirlis chun cabhrú le cinnteoireacht chliniciúil.
Ní dhéanann CHI aon ionadaíocht, sainráite ná intuigthe, maidir le cruinneas na faisnéise atá sna foilseacháin seo, ná a hoiriúnacht chun aon chríche, agus eisiatar go sainráite gach barántas intuigthe.
Cé gur rinneadh gach iarracht chun a chinntiú go bhfuil an chomhairle a chuirtear ar fáil oiriúnach agus go bhfuil na dáileoga leighis tionlacain cruinn, ní ghlacann CHI le haon fhreagracht dhlíthiúil as aon earráidí nó easnaimh sna treoirlínte cliniciúla seo nó a d’fhéadfadh úsáideoirí na dtreoirlínte seo a dhéanamh.
Ina theannta sin, séanann CHI aon dliteanas as aon díobháil, caillteanas nó damáiste a eascraíonn as úsáid na dtreoirlínte seo ag aon duine nó a bhaineann leis, toisc gurb é an dochtúir cóireála atá freagrach as bainistíocht chliniciúil a stiúradh agus gurb é an t-oideasóir amháin atá freagrach as aon chógas nó cóireáil a fhorordú agus an tseiceáil chríochnaitheach a dhéanamh.
Ní mór don úsáideoir dáileoga agus sceidil a sheiceáil le moltaí an mhonaróra (Achoimre ar Thréithe an Táirge) nó le Roinn Cógaisíochta CHI.