Skip to main content

Ár ospidéal leanaí nua

Tá Sláinte Leanaí Éireann (CHI) chun tosaigh ar chlaochlú cliniciúil agus oibríochta ar chúram sláinte péidiatraiceach géarmhíochaine. Is é an cliant é don tionscadal ospidéil nua do leanaí, lena n-áirítear dhá ionad nua othar seachtrach péidiatraiceach agus cúram práinneach. Mar eagraíocht acadúil cúram sláinte, tá CHI chun tosaigh ar chlaochlú ghéarchúraim sláinte péidiatraiceach trínár misean triarach de sheirbhísí comhtháite, oideachas agus taighde agus nuálaíocht.

Forbhreathnú

Cuimsíonn an tionscadal nua ospidéal leanaí (NCH) an príomh-ospidéal ar an gcampas roinnte ag Ospidéal Naomh Séamas agus dhá Ionad Péidiatraiceacha Othar Seachtrach agus Cúraim Phráinne CHI ag Connolly, Baile Bhlainséir, agus CHI i dTamhlacht.

Ábhar an leathanaigh

Ar an leathanach seo gheobhaidh tú eolas faoi:

Fís Chliniciúil

“An cúram ceart a sholáthar san áit cheart ag an am ceart ag an bhfoireann cheart.
CHI

Rachaidh líonra cúraim le hospidéal nua leanaí ag an lárionad i dteagmháil le satailítí agus ionaid réigiúnacha chun cúram péidiatraiceach cuimsitheach a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga na hÉireann.

Áis eiseamláireach a bheidh san ospidéal nua a sholáthróidh ospidéal náisiúnta do leanaí agus do dhaoine óga óna dteastaíonn cúram agus cóireáil an-speisialaithe. Mar chuid den mhúnla nua cúraim do sheirbhísí péidiatraiceacha, tá an t-ospidéal nua á chruthú chomh maith i gcomhar le dhá ionad satailítí in Ospidéal Thamhlachta agus Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir chun cúram péidiatraiceach áitiúil a sholáthar. Ag tairiscint nach lú ná 39 speisialtacht péidiatraiceach, tacófar le cúram san ospidéal nua le trealamh, áiseanna agus córais den scoth.

Ospidéal náisiúnta oileán na hÉireann a bheidh ann agus é ag freastal ar leanaí agus daoine óga a bhfuil gá acu le cúram speisialaithe agus casta. Is é an t-ospidéal leanaí áitiúil do Bhaile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Cill Dara agus codanna den Mhí a bheidh ann freisin.

Tuilleadh eolais

Ceapadh Bord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh (NPHDB) in 2013 chun an t-ospidéal nua leanaí a dhearadh, a thógáil agus a threalmhú.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoin bpróiseas forbartha ag na suíomhanna gréasáin seo a leanas:

Roinn an leathanach seo